Mar gheall ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán
Bhunaigh an Rialtas an Coimisiún um Thodhchaí na Meán i mí Meán Fómhair 2020 chun todhchaí na meán in Éirinn a iniúchadh. San áireamh tá craoltóirí seirbhíse poiblí na hÉireann, craoltóirí tráchtála, na meáin chlóite agus ardáin meáin ar líne.
Cuireann na meáin seirbhís phoiblí riachtanach ar fáil dár sochaí. Cuid bhunúsach dár ndaonlathas is ea iad. Is tríothu a choinnítear an pobal ar an eolas, agus a spreagtar rannpháirtíocht le teanga, cultúr agus spórt na hÉireann.
Tá an Coimisiún neamhspleách ón Rialtas. Tá naoiniúr ball ann, roghnaithe mar gheall ar an saineolas agus taithí atá acu thar na meáin. Is é an tOllamh Brian MacCraith atá mar chathaoirleach ar an gCoimisiún.
Obair an Choimisiúin
Déanfaidh an Coimisiún iniúchadh ar na dúshláin roimh na gcraoltóirí seirbhíse poiblí, craoltóirí tráchtála, na meáin chlóite agus ardáin meáin ar líne. I measc na ndúshláin seo rompu tá:
- Foinsí maoinithe inbhuanaithe
- Athruithe in iompar an lucht féachana
- Athruithe teicneolaíochta
Beidh an Coimisiún i mbun oibre go ceann 9 mí chun moltaí a chur ar fáil maidir le slite inar féidir leis na meáin dul i ngleic leis na dúshláin seo sa todhchaí. Cuirfear na moltaí seo faoi bhráid an Rialtais i Samhradh 2021.
Mar chuid den obair seo, tá comhairliúchán poiblí ar siúl faoi láthair. Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil anseo..