Caint Théamach #4
Cén bealach is fearr leis na meáin a mhaoiniú agus a rialú le go ndéanfaidh siad freastal ar riachtanais an Phobail sna blianta atá amach romhainn?
Dé hAoine an 19 Márta 2021,
14:30 - 17:15 GMT
Clár
14:30 Cur in Aithne: Brian MacCraith, Cathaoirleach, An Coimisiún um Thodhchaí na Meán
14:35 - 15:15 Painéal 1 - Cén bealach is fearr le híoc as an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí agus as an ábhar seirbhíse poiblí –cén múnla is fearr a chinnteoidh go mbeidh an maoiniú inbhuanaithe, leordhóthanach, seasmhach agus neamhspleách? Cén cineál creataí rialála agus rialachais a theastaíonn mar bhonn faoi seo? An bhfuil deiseanna ann chun múnla gnó agus feabhsúcháin eagraíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm taobh istigh de sholáthraithe meán seirbhíse poiblí agus soláthraithe ábhair seirbhíse poiblí?
Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 1.
15:15 - 15:55 Painéal 2 - Cén chaoi ar chóir maoiniú poiblí do PSM agus do PSC a dháileadh? Céard ba cheart do mhaoiniú den chineál seo a chaomhnú, cén áit a dteastóidh nuálaíocht, cén chaoi a bhféadfaidh sé prionsabail na seirbhíse poiblí fearacht comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn agus tacú leis an nGaeilge agus le cultúr na hÉireann? Cén bealach is fearr le measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú an dreama a bhfuil maoiniú faighte acu?
Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 2.
15:55 - 16:35 Painéal 3 - Céard a d’fhéadfadh na meáin neamhspleácha a dhéanamh chun go mbeidh múnlaí fadtéarmacha inbhuanaithe acu nach mbeidh ag brath ar chor ar bith nó nach mbeidh ag brath mórán ar mhaoiniú poiblí? An bhfuil an réiteach san infheistíocht nuálach, san fhógraíocht nó i múnlaí a bheadh bunaithe ar shíntiúis nó an bhfuil réiteach eile ar fad ar an bhfadhb?
Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 3.
16:35 - 17:15 Painéal 4 - Cé na hathruithe rialála ag leibhéal AE nó idirnáisiúnta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na meáin sa tréimhse romhainn? Cad ba chóir do chreat rialála na hÉireann féachaint lena bhaint amach maidir le hiolracht, iomaíochas, nuálaíocht, caighdeán agus seirbhís phoiblí i margadh na meán?
Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 4.
17:15 Clabhsúr
An tOllamh Brian MacCraith (Cathaoirleach an Choimisiúin)
Iar-Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Painéal 1
14:35 - 15:15
Cén bealach is fearr le híoc as an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí agus as an ábhar seirbhíse poiblí –cén múnla is fearr a chinnteoidh go mbeidh an maoiniú inbhuanaithe, leordhóthanach, seasmhach agus neamhspleách? Cén cineál creataí rialála agus rialachais a theastaíonn mar bhonn faoi seo? An bhfuil deiseanna ann chun múnla gnó agus feabhsúcháin eagraíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm taobh istigh de sholáthraithe meán seirbhíse poiblí agus soláthraithe ábhair seirbhíse poiblí?
Cathaoirleach: Nuala O’Connor
Baill an Phainéil:
- Rory Coveney, Director of Strategy, RTÉ
- John Purcell, Chairman, Independent Broadcasters of Ireland
- Susan Kirby, CEO, Screen Producers Ireland

Cathaoirleach: Nuala O’Connor, Déantóir Scannáin Faisnéise
Tá cláir faisnéise scríofa agus stiúrtha aici don teilifís, ina measc ‘Moment To Moment’ ar The Gloaming, bhí sí ina comhscríbhneoir ar an tsraith staire don teilifís ‘The Limits Of Liberty’ agus ar an scannán gnéchláir ‘Keepers Of The Flame’ le Diarmaid Ferriter, agus ina stiúrthóir ar go leor cláir faisnéise eile. Tá sí ina comhchoimeádaí ar an tsraith comhdhálacha ‘Irelands Edge’ a ghabhann leis an imeacht Other Voices. Is ball í de Chartlann an Cheoil Ghaelaigh agus idir 2011 agus 2017, bhí sí ar Fhoras Rialaithe Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Rory Coveney, Stiúrthóir Straitéise, RTÉ

John Purcell, Cathaoirleach, Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann

Chomh maith le bheith ina Chathaoirleach ar Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann tá <strong>John Purcell</strong> ina scairshealbhóir bunaidh agus ina stiúrthóir ar KCLR 96fm, áit a bhfuil sé ina Phríomhfheidhmeannach agus ina gcuireann sé i láthair clár seachtainiúil ar chúrsaí gnó. Maidir lena thaithí ar an raidió roimhe seo bhí sé ina chathaoirleach ar na hiarratais don chéad cheadúnas do NewsTalk in 1999, chomh maith le bheith ina infheisteoir bunaidh agus ina stiúrthóir ar Beat 102 103.
Tá BA aige sa Pholaitíocht agus sa Stair ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus MA sa Chumarsáid ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Taobh amuigh de chúrsaí raidió tá sé ina Stiúrthóir ar Iontaobhas Cathair Chill Chainnigh agus ar Fhostaíocht don Óige Chill Chainnigh agus bhíodh sé ina Chathaoirleach ar Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh agus ar Chomhlachas Tráchtála Chill Chainnigh. Tá ceathrar páistí aige agus tá sé ina chónaí i gcathair Chill Chainnigh.
Susan Kirby

Tá breis agus 20 bliain caite ag Susan Kirby, bean atá mealltach agus gníomhach i dtionscal na cruthaitheachta, ag obair san earnáil ag leibhéal sinsearach bainistíochta. Agus í ag feidhmiú mar POF ar Léiritheoirí Scannán na hÉireann, déanann sí ionadaíocht ar na comhlachtaí neamhspleácha scannánaíochta, teilifíse, beochana agus digiteacha atá ar fud oileán na hÉireann. Roimhe seo bhí Susan ina POF ar Fhéile Lá Fhéile Pádraig agus ina Stiúrthóir Cumarsáide agus Margaíochta in Amharclann an Gaeity.
I gcaitheamh a saoil oibre bhunaigh Susan líonra ardleibhéil atá dírithe ar Éirinn agus ar thionscal cruthaitheachta na hÉireann a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá cáil ar Susan go gcreideann sí go diongbháilte i dtionscail na cruthaitheachta agus tá sí go láidir den tuairim gur féidir le hoileán beag san Atlantach ceannródaíocht á léiriú don domhan mór trína shaol cultúir cumhachtach a chur i láthair.
Painéal 2
15:15 - 15:55
Cén chaoi ar chóir maoiniú poiblí do PSM agus do PSC a dháileadh? Céard ba cheart do mhaoiniú den chineál seo a chaomhnú, cén áit a dteastóidh nuálaíocht, cén chaoi a bhféadfaidh sé prionsabail na seirbhíse poiblí fearacht comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn agus tacú leis an nGaeilge agus le cultúr na hÉireann? Cén bealach is fearr le measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú an dreama a bhfuil maoiniú faighte acu?
Cathaoirleach: Stephen McNamara
Baill an Phainéil:
- Trevor Birney, Independent Producer
- Vincent Crowley – Chairman, NewsBrands Ireland
- Áine Ní Chaoindealbháin, Virgin Media Television
Stephen McNamara

Tá Stephen McNamara ina Stiúrthóir Cumarsáide le Cumann Rugbaí na hÉireann ó 2013, áit ar chuidigh sé le hathrú ó bhonn a chur ar chumarsáid na heagraíochta. Tá Cumann Rugbaí na hÉireann anois ar cheann de na heagraíochtaí is mó a bhfuil meas orthu in Éirinn agus tá rochtain, clúdach digiteach agus leibhéal gníomhaíochta aige a oireann do cheann de na brandaí is láidre sa tír. Roimhe seo agus é ag obair le Ryanair, chuidigh Stephen leis an aerlíne uaillmhianach seo cur lena sciar i margadh an-iomaíoch na heitlíochta ar fud na hEorpa. Gan aon bhuiséad, ach an-suim go deo aige sa bholscaireacht d’oibrigh Stephen le POF dáimhiúil na haerlíne, chun go mbeadh Ryanair chomh feiceálach agus ab fhéidir sna meáin ar fud an domhain. Agus é ag obair le Ryanair d’éirigh le Stephen caidreamh láidir siombóiseach a bhunú leis na meáin.
Tá Stephen cáilithe ina chomhairleoir cánach agus nuair a thosaigh sé ag obair sna meáin i dtús báire is ag scríobh do cheann de nuachtáin an Domhnaigh a bhí sé, ag freagairt ceisteanna ar chúrsaí airgeadais a chuireadh léitheoirí an nuachtáin áirithe sin. Nuair a bhain sé Céim Mháistreachta sa Chaidreamh Poiblí amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chuidigh sé sin leis tabhairt faoi athrú gairme go dtí saol na meán agus na cumarsáide.
Trevor Birney, Léiritheoir Neamhspleách

Vincent Crowley – Cathaoirleach, NewsBrands Ireland

Áine Ní Chaoindealbháin, Teilifís Virgin Media

Painéal 3
15:55 - 16:35
Céard a d’fhéadfadh na meáin neamhspleácha a dhéanamh chun go mbeidh múnlaí fadtéarmacha inbhuanaithe acu nach mbeidh ag brath ar chor ar bith nó nach mbeidh ag brath mórán ar mhaoiniú poiblí? An bhfuil an réiteach san infheistíocht nuálach, san fhógraíocht nó i múnlaí a bheadh bunaithe ar shíntiúis nó an bhfuil réiteach eile ar fad ar an bhfadhb?
Cathaoirleach: Sinéad Burke
Baill an Phainéil:
- Linda O’Reilly, Editor, The Anglo-Celt
- Bob Hughes, Local Ireland
- Susan Daly, TheJournal.ie
- Blindboy
Cathaoirleach: Sinéad Burke

Linda O’Reilly, Eagarthóir, The Anglo-Celt

Tá Linda O'Reilly ina hEagarthóir ar an nuachtán The Anglo-Celt, atá ina chuid de Ghrúpa Celtic Media, i gCo. an Chabháin. Bhain sí céim amach san iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá breis agus 20 bliain caite aici ag obair le nuachtáin agus ar an raidió ag an leibhéal náisiúnta agus áitiúil araon.
Chuaigh sí i mbun oibre leis an Anglo-Celt mar eagarthóir nuachta sa bhliain 2008. Ní raibh ach bliain imithe thart nuair a ceapadh í ina heagarthóir agus gur thuill sí cáil de bhrí go raibh sí ar an mbean ab óige riamh in Éirinn le bheith i mbun eagarthóireachta ar nuachtán áitiúil agus gan í ach 29 mblian d’aois. Stiúir sí a foireann ag tráth a raibh go leor athruithe ag tarlú, lena n-áirítear an Celt a bhíodh ina nuachtán mórbhileoige a bheith ag athrú isteach ina nuachtán nua, comhaimseartha, dlúite.
Chomh maith leis sin bhí Linda taobh thiar de nuacht a sholáthar go digiteach ar il-ardáin ar fud na gcainéal gréasáin agus na gcainéal meán shóisialta, agus í ag an am céanna ag treisiú croíluachanna iriseoireachta an Celt.
Bob Hughes, Local Ireland

Tá Bob Hughes ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Local Ireland, an cumann a dhéanann ionadaíocht ar 42 nuachtán ar fud na tíre a n-íoctar astu go seachtainiúil.
D’oibrigh sé le nuachtáin sheachtainiúla agus nuachtáin laethúla sa Bhreatain, bhí sé ina fho-eagarthóir leis an Press Association i Fleet Street, ina léiritheoir le Channel 4 News ag ITN, ina eagarthóir clár le Reuters agus le Sky, ina eagarthóir le Radio Ireland/Today FM, ina Leas-Stiúrthóir Nuachta ar feadh sé bliana déag ag TV3 Ireland agus d’oibrigh sé mar chomhairleoir ar bhainistiú straitéiseach agus meán san Eoraip, sa Mheánoirthear agus san Afraic. Bhí sé ina Chomhairleoir Speisialta don rialtas deireanach i dtaca le dhá Roinn.
Susan Daly

Blindboy

Is ealaíontóir agus scríbhneoir Éireannach é Blindboy. Obair ildisciplíneach a bhíonn ar bun aige agus é dírithe go háirithe ar an scríbhneoireacht, podchraoladh, obair amharclainne agus ceol.
Acadóir is ea Blindboy chomh maith, chríochnaigh sé a chéim máistir sa Chleachtas Cruthaitheach agus an timpeallacht shóisialta in 2015. Baineann sé úsáid as seo chun daonlathú a dhéanamh ar ábhair ar nós ealaín, síceolaíocht, polaitíocht, eolaíocht, agus ceol. Tugann sé léargas uathúil agus greannmhar ar ábhair a shíltear a bheith casta. Is minic Blindboy ag plé cúrsaí meabhairshláinte ar a phodchraolta. Is gníomhaí ar chúrsaí meabhairshláinte le fada an lá é Blindboy agus baineann sé úsáid as an ardán atá aige le labhairt amach faoi na fadhbanna a bhíonn aige féin le buairt agus le dúlagar. Ina chuid podchraoltaí fiosraíonn sé teoiricí éagsúla síciteiripe fearacht CBT agus Anailís Tranghníomhaíochta, agus an chaoi a bhféadfadh muid iad a úsáid ar bhealach simplí inár saol féin.
Ó Toronto go London, ó Sydney go Gaillimh bíonn pochraolta beo Blindboy go seasta díolta amach agus é ag cur lucht féachana/éisteachta faoi dhraíocht in atmaisféar ciúin cairdiúil. De bharr na mblianta a chaith sé i mbun cur i láthair beo, tá Blindboy in ann a chur ina luí ar shlua 1200 duine go bhfuil siad i seomra beag le grúpa beag eile daoine.
Leabhar sárdhíola ab ea an leabhar dá chuid “boulevard wren and other stories”. Craoladh a shraith teilifíse “Blindboy undestroys the world” ar BBC. Agus tá ag éirí thar cionn i rith ama lena chuid podchraoltaí, bídís beo nó ar líne.
Painéal 4
16:35 - 17:15
Cé na hathruithe rialála ag leibhéal AE nó idirnáisiúnta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na meáin sa tréimhse romhainn? Cad ba chóir do chreat rialála na hÉireann féachaint lena bhaint amach maidir le hiolracht, iomaíochas, nuálaíocht, caighdeán agus seirbhís phoiblí i margadh na meán?
Cathaoirleach: Mark Little
Baill an Phainéil:
- Una Fitzpatrick, Technology Ireland
- Marco Giorello, Head of Unit for Copyright, European Commission
- Dr Rasmus Kleis Nielsen, Director, Reuters Institute for the Study of Journalism
Cathaoirleach: Mark Little

Una Fitzpatrick

Marco Giorello, Ceannasaí an Aonaid ar Chóipcheart, Coimisiún na hEorpa
An Dr Rasmus Kleis Nielsen, Stiúrthóir, Institiúid Reuters don Staidéar ar Iriseoireacht

Is é Dr Rasmus Nielsen Stiúrthóir Institiúid Reuters don Staidéar ar Iriseoireacht agus is Ollamh ar Chumarsáid Pholaitiúil é in Ollscoil Oxford. Roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir ar Thaighde in Institiúid Reuters agus ina Phríomheagarthóir ar International Journal of Press/Politics.
Bíonn a chuid oibre dírithe ar athruithe sna meáin nuachta, an chumarsáid pholaitiúil agus an ról atá ag an teicneolaíocht dhigiteach sa dá cheann acu sin. Tá an-lear taighde déanta aige ar an iriseoireacht, ar pholaitíocht Mheiriceá agus ar chineálacha éagsúla gníomhaíochais, chomh maith le cuid mhaith obair chomparáideach a bheith déanta aige in iarthar na hEorpa agus níos faide ó bhaile.