Nuacht agus Nuashonruithe

Le fáil anseo:

  Nuashonruithe
  Preasráitis



Comhairliúchán Poiblí

Nuashonruithe


Teachtaireacht ón Taoiseach agus ón Aire Martin chuig an gcéad chruinniú de Choimisiún um Thodhchaí na Meán, 29ú Deireadh Fómhair 2020

Preasráitis

Cainteanna Téamacha - Leanfar den Chaint ar an 11 Feabhra

an 10 Feabhra 2021

Tá sé iarrtha ag an Rialtas ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán staidéar a dhéanamh ar mar is féidir aidhmeanna na seirbhíse poiblí a bhaint amach agus a mhaoiniú ar bhealach inbhuanaithe trí na meáin chraolta, chlóite agus ar líne in Éirinn sna 10 mbliana amach romhainn, agus ag an am céanna a chinntiú go ndéantar maoirseacht eagarthóireachta neamhspleách a choinneáil agus go dtacaítear le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hÉireann. Tá sé curtha de chúram ar an gCoimisiún moltaí a dhéanamh ar mar is fearr bonn maith a chur faoin earnáil don am atá le teacht.

Tá an Coimisiún ag leanúint dá chuid gníomhaíochtaí rannpháirtíochta pobail leis an dara caint i sraith de chainteanna téamacha ar líne an Déardaoin seo an 11 Feabhra ag 15:30.

Is éard a dúirt an tOllamh Brian MacCraith, Cathaoirleach an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, “Cuireann na Meáin in Éirinn seirbhísí ar fáil atá den ríthábhacht dár sochaí, dár ndaonlathas agus dár gcultúr. Cuideoidh rannpháirtíocht an phobail sa díospóireacht faoin todhchaí leis an gCoimisiún a chur ar an eolas faoi na nithe atá tábhachtach don phobal agus faoin dearcadh atá ag muintir na hÉireann ar thodhchaí na meán. Tugaimid cuireadh do gach aon duine a bheith páirteach inti."

Más mian leat freastal ar an imeacht níl ort ach dul go dtí futureofmediacommission.ie chun an clár iomlán a fheiceáil agus clárú.

Breithneoidh caint an Déardaoin an tairbhe a bhaineann leis na soláthraithe meán seirbhíse poiblí agus soláthraithe ábhair seirbhíse poiblí do phobail. Pléifear chomh maith na dúshláin agus deiseanna atá amach romhainn, go háirithe iad sin a bhaineann le teicneolaíochtaí nua ar mhaithe le tírdhreach meán bríomhar, inbhuanaithe, inrochtana agus cothrom.

Is iad na haoi-chainteoirí a bheidh ag an imeacht seo Déardaoin:

  • Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ
  • Peter Feeney, Ombudsman an Phreasa thar ceann Chomhairle an Phreasa
  • Jack Byrne, Cathaoirleach Choiste Comhordúcháin Craol, Raidió Pobail Éireann
  • Seamus Dooley, Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí
  • Dearbhail McDonald, Údar, Craoltóir agus ball den Sainghrúpa Comhionannais
  • Bob Hughes, Local Ireland, a dhéanann ionadaíocht ar nuachtáin réigiúnacha in Éirinn
  • Adrián Acosta, TheJournal.ie
  • Dualta Ó Broin, Facebook; agus
  • An tOllamh Colleen Murrell, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

NÓTA D'EAGARTHÓIRÍ - Clár do Chaint Théamach

15:30    Cur in Aithne. An tOll. Brian MacCraith, Cathaoirleach, An Coimisiún um Thodhchaí na Meán

15:35 Painéal 1: Céard iad na buntáistí, dar le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an pobal, a chuireann Soláthraithe Meán Seirbhíse Poiblí agus Soláthraithe Ábhair Seirbhíse Poiblí ar fáil do na pobail ar a mbíonn siad ag freastal? Céard is féidir leo a fheabhsú d'fhonn freastal níos fearr a dhéanamh ar phobail agus tacú le haontacht agus daonlathas sóisialta?

  • Dee Forbes, RTÉ
  • Peter Feeney, Comhairle an Phreasa
  • Jack Byrne, Craol, Raidió Pobail na hÉireann

Seisiún Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 1

16:15 Painéal 2. Céard iad na dúshláin agus deiseanna atá roimh sholáthraithe meán seirbhíse poiblí agus soláthraithe ábhair seirbhíse poiblí?

  • Seamus Dooley, NUJ
  • Dearbhail McDonald, Údar, Craoltóir agus ball den Sainghrúpa Comhionannais
  • Bob Hughes, Local Ireland

Seisiún Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 2

16:55 Painéal 3. Céard iad na dúshláin agus deiseanna a chuireann teicneolaíochtaí nua os ár gcomhair ar mhaithe le tírdhreach meán bríomhar, inbhuanaithe, inrochtana agus cothrom? 

  • Adrián Acosta, TheJournal.ie
  • Dualta Ó Broin, Facebook
  • An tOll. Colleen Murrell, DCU

Seisiún Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 3

17:35 Conclúid

 



Tús curtha le Cainteanna Téamacha ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán

Dé Sathairn an 16 Eanáir 2021

D'fhógair an Coimisiún um Thodhchaí na Meán seoladh a shraith de Chainteanna Téamacha ar líne, mar chuid den dara céim comhairliúcháin phoiblí dá chuid.

Beidh an chéad chaint téamach ar siúl Déardaoin an 28 Eanáir ón 16:30 to 18:30, agus pléifear an cheist:"Cén chuma a chóir a bheidh ar ábhar seirbhíse poiblí amach anseo, agus conas mar is féidir leis na meáin daoine éagsúla a bhfuil sé deacair teagmháil a dhéanamh leo, lena n-áirítear daoine níos óige, a mhealladh leis an ábhar sin?"

Breithneofar ag cainteanna ina dhiaidh sin téamaí eile atá ina n-ábhair spéise ag an gCoimisiún, lena n-áirítear: dúshláin nuálaíochta; an tábhacht a bhaineann le hiriseoireacht ghairmiúil don tsochaí agus don daonlathas; maoiniú, rialachas agus rialáil.

Dúirt an Cathaoirleach ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, an tOllamh Brian Mac Craith, “Léirítear leis an mbreis is 750 aighneacht atá faighte ag an gCoimisiún ón bpobal mar thoradh ar a chéad chéim comhairliúcháin chomh tábhachtach is atá na meáin do mhuintir na hÉireann. Tá sraith de dhíospóireachtaí téamacha ar líne á seoladh againn faoi láthair ar phríomhábhair a bhaineann le Téarmaí Tagartha an Choimisiúin. Leis na cainteanna seo beidh tuiscint níos doimhne againn ar ábhair thábhachtacha agus cuirfear ar ár gcumas tuairimí éagsúla a bhreithniú agus machnamh a dhéanamh ar an ábhar. Cuirfidh siad ar ár gcumas ach go háirithe, measúnú a dhéanamh ar an mbealach is fearr le freastal ar riachtanais meán na ndaoine amach anseo. Mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh sna cainteanna."

Mairfidh gach caint 2 uair an chloig, beidh 3 phlé phainéil i gceist agus cuirfidh lucht na bpainéal a fuair cuireadh nithe i láthair maidir leis an téama, agus ina dhiaidh sin beidh caint 20-nóiméad ceisteanna agus freagraí leis an gCoimisiún agus leis na daoine atá i láthair.

Is féidir leis an bpobal agus geallsealbhóirí a bhfuil spéis acu clárú chun an spéis atá acu freastal ar na Cainteanna Téamacha a léiriú ar www.futureofmediacommission.ie. Déanfar an t-imeacht a bheoshruthú ar láithreán gréasáin an Choimisiúin freisin.

CRÍOCH

Nóta d’eagarthóirí:

Is iad baill deiridh an Choimisiúin na daoine seo a leanas:

  • Cathaoirleach an Choimisiúin, an tOllamh Brian MacCraith, iar-Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Sinéad Burke, Stiúrthóir Tilting the Lens, scríbhneoir agus acadóir gníomhach sna meáin shóisialta, agus ball den Chomhairle Stáit
  • Alan Rusbridger, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha an Reuters Institute for the Study of Journalism ag an University of Oxford, agus iar-phríomheagarthóir Guardian News and Media
  • Lynette Fay, saorchraoltóir (trí mheán na Gaeilge agus Béarla ar BBC Radio Ulster) le cúlra acadúil sa chumarsáid fheidhmeach
  • Nuala O’Connor, comhbhunaitheoir South Wind Blows, scríbhneoir agus scannánóir faisnéise i réimsí an cheoil agus na healaíona
  • Gillian Doyle, Ollamh le hEacnamaíocht na Méan, (Theatre, Film and Television Studies), University of Glasgow
  • Mark Little, POF agus comhbhunaitheoir Kinzen. Bunaitheoir na háisíneachta nuachta sóisialta, Storyful
  • Stephen McNamara, Stiúrthóir Cumarsáide, Irish Rugby Football Union
  • An Dr Finola Doyle-O’Neill, Staraí Craoltóireachta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
  • Siobhan Holliman, Leas-eagarthóir The Tuam Herald, ball de Chomhairle Preasa na hÉireann agus comhchathaoirleach ar an Irish Executive Council den NUJ.


Coimisiún um Thodhchaí na Meán ar bun

Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair. Foilsithe ar www.gov.ie (https://www.gov.ie/ga/preasraitis/07ab3-coimisiun-um-thodhchai-na-mean-ar-bun/)

Bhí cruinniú tionscnaimh ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán inniu, an 29ú Deireadh Fómhair.

Is é sainchúram an Choimisiúin ná iniúchadh a dhéanamh ar conas gur féidir le meáin chraolta, chlóite agus ar líne na hÉireann aidhmeanna seirbhísí poiblí a bhaint amach le maoiniú inbhuanaithe, le maoirseacht eagarthóireachta neamhspleách deimhnithe agus tacaíocht d’earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hÉireann.

Dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin an tOllamh Brian MacCraith:
“Tá ríméad orm go bhfuil obair thábhachtach an Choimisiúin faoi lán seoil. Tugann baill an Choimisiúin aghaidh ar an dúshlán seo le réimse leathan saineolais agus taithí, agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leo siúd agus páirtithe leasmhara eile sna míonna amach romhainn.”

Inné, cheap an Rialtas an ball deireanach den Choimisiúin nuair a fáiltíodh roimh Siobhan Holliman. Leas-eagarthóir ar The Tuam Herald is í Holliman, ball de Chomhairle Preasa na hÉireann agus iriseoir le breis agus 20 bliain de thaithí aici i gcraoltóireacht agus nuachtáin réigiúnacha.

I gceann 9 mí, cuirfidh an Coimisiún tuairisc faoi bhráid an Taoisigh agus Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

I dteachtaireacht ar ócáid chruinnithe tionscnaimh an Choimisiúin, ghabh an Taoiseach Micheál Martin TD buíochas le baill an Choimisiúin as a ndíogras, agus dúirt: “Tá na meáin inbhuanaithe, neamhspleách agus proifisiúnta riachtanach i ndaonlathas sláintiúil, agus táim ag tnúth go mór le moltaí an Choimisiúin don todhchaí.”

Ghuigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD gach rath ar an gCoimisiún, agus dúirt: “Tá sainchúram ar an gCoimisiún conair a leagadh síos do thodhchaí na meán in Éirinn, a thacóidh le dioscúrsa oillte poiblí is a chuirfidh ardáin ar fáil dár dteanga, dár gcultúr, na healaíona cruthaitheacha agus spórt.”

Nóta d’eagarthóirí:

Is iad baill deiridh an Choimisiúin na daoine seo a leanas:

  • Cathaoirleach an Choimisiúin, an tOllamh Brian MacCraith, iar-Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Sinéad Burke, Stiúrthóir Tilting the Lens, scríbhneoir agus acadóir gníomhach sna meáin shóisialta, agus ball den Chomhairle Stáit
  • Alan Rusbridger, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha an Reuters Institute for the Study of Journalism ag an University of Oxford, agus iar-phríomheagarthóir Guardian News and Media
  • Lynette Fay, saorchraoltóir (trí mheán na Gaeilge agus Béarla ar BBC Radio Ulster) le cúlra acadúil sa chumarsáid fheidhmeach
  • Nuala O’Connor, comhbhunaitheoir South Wind Blows, scríbhneoir agus scannánóir faisnéise i réimsí an cheoil agus na healaíona
  • Gillian Doyle, Ollamh le hEacnamaíocht na Méan, (Theatre, Film and Television Studies), University of Glasgow
  • Mark Little, POF agus comhbhunaitheoir Kinzen. Bunaitheoir na háisíneachta nuachta sóisialta, Storyful
  • Stephen McNamara, Stiúrthóir Cumarsáide, Irish Rugby Football Union
  • An Dr Finola Doyle-O’Neill, Staraí Craoltóireachta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
  • Siobhan Holliman, Leas-eagarthóir The Tuam Herald, ball de Chomhairle Preasa na hÉireann agus comhchathaoirleach ar an Irish Executive Council den NUJ.


Government Establishes Future of Media Commission

Published by merrionstreet.ie on Tuesday 29th September 2020 (https://merrionstreet.ie/en/News-Room/News/Government_Establishes_Future_of_Media_Commission.html)

The Government today agreed the terms of reference and membership of the Future of Media Commission. The Commission will be chaired by Professor Brian MacCraith, former President of Dublin City University, and will also include experts in public service media, independent journalism, social media, new technology platforms, media economics, culture, language, creative content, governance and international best practice.

Welcoming the establishment of the Commission, Taoiseach Micheál Martin TD said:

A strong, independent media structure is critical for Ireland’s cultural, sporting, creative and political life. People rely on newspapers, tv, radio and online platforms to find out about local and national issues, to inform them about current affairs, to showcase our culture, to reach out to our diaspora, and to bring the nation together at times of national celebration and reflection. Irish media outlets have always reflected the core principles of objectivity and independence, and at a time when disinformation is on the rise, sustainable and impartial journalism has never been more important.

The Future of Media Commission will chart a pathway for public service broadcasting and independent media into the future, and I am particularly pleased that Professor Brian Mac Craith, who has been an innovator in education and is a pre-eminent intellectual in Irish public life, has taken on the role of Chairperson. We need to examine how public service objectives can be funded in a way that is sustainable, ensures independent editorial oversight and delivers value for money to the public, and I look forward to receiving the recommendations of the Commission on this and all aspects of its terms of reference.

Caithfimid ár gcraoltóirí poiblí a thacú ar bonn inmharthana ionas go mbeidh ardán d’ár gcultúr, d’ár dteanga, is d’ár sport don todhcaí.

Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht, Catherine Martin TD also welcomed the establishment of the Commission, saying:

The media landscape has changed dramatically in recent years. Traditional broadcasters and newspapers are facing new and increased pressures. The Government is determined to chart the way forward so that we can continue to have an energetic public service broadcaster that informs, entertains and reflects us as a people, and delivers value for money. Given their distinguished backgrounds in journalism, broadcasting, creative arts and academia, I am confident the Members of the Commission will bring the right blend of expertise, experience and energy to their work. I look forward to receiving their recommendations on how we can protect and enhance independent journalism, and ensure our creative artists have the platform to showcase our culture to the country and the wider world.

Professor Brian MacCraith commented:

I am very pleased to be appointed as Chair of the Future of Media Commission, and I look forward to working with my fellow Commission members on what is a very important public policy challenge and one that is very important for the quality and wellbeing of our shared society.

Members of the Future of Media Commission

  • Chair of the Commission, Professor Brian MacCraith, former President of Dublin City University
  • Sinéad Burke, Director of Tilting the Lens, writer and academic active in social media, and member of the Council of State
  • Alan Rusbridger, Chair of the Steering Committee of the Reuters Institute for the Study of Journalism at the University of Oxford, and former Editor-in-Chief of Guardian News and Media
  • Lynette Fay, freelance broadcaster (broadcasting as Gaeilge and in English on BBC Radio Ulster) with an academic background in applied communications
  • Nuala O’Connor, co-founder of South Wind Blows, writer and documentary filmmaker in the areas of music and the Arts
  • Gillian Doyle, Professor of Media Economics (Theatre, Film and Television Studies), University of Glasgow
  • Mark Little, CEO and co-Founder of Kinzen. Founder of social news agency, Storyful
  • Stephen McNamara, Director of Communications, Irish Rugby Football Union
  • Dr Finola Doyle-O’Neill, Broadcast Historian, University College Cork.
  • [Two further proposed members will be announced subject to confirmation of availability]

Terms of Reference

  • Well-functioning media systems, and in particular public service broadcasting, deliver four important public services to Irish society:
  • To inform, educate and entertain the Irish public with regard to matters of Irish culture, identity, sport, language and other matters inherent to Ireland and the Irish people;
  • To ensure that the public has access to high quality, impartial, independent journalism, reporting on matters of local, regional, national, European and international importance in a balanced way and which contributes to democratic discourse;
  • To bring the nation and diaspora together at moments of great national importance;
  • To ensure that creative Irish talent gets the opportunity to have their work reach audiences in Ireland and, where possible, further afield.

Since the foundation of the State, these aims have been, and continue to be, delivered by a wide number of media organisations including RTE and TG4, as the public service broadcasters, independent broadcasters, producers and print media, at local, regional and national level. More recently, online media is playing an increasingly important role. The Sound and Vision Scheme, which amounts to 7% of net TV licence revenue, has supported content with public service value by all broadcasters in conjunction with the independent production sector but is limited by statute to broadcasting sector.

The goals of the independent Commission are to:

  • Identify what the Irish experience has been in delivering the above aims through public service broadcasters, other broadcasters, print and online media at a local, regional and national level and the challenges created for these media by new global platforms and changing audience preferences in relation to how content is delivered;
  • Consider the extent to which the current models of delivery are the appropriate ones the next 10 years;
  • Review best practice in other comparable jurisdictions, particularly across the European Economic Area in terms of providing future-proofed models for meeting the above four public services in light of changing audience expectations, in particular the preferences and behaviours of younger audiences.

Arising from that work, the Commission is tasked with:

  • proposing how those public service aims should be delivered in Ireland over the next ten years;
  • how this should contribute to supporting Ireland’s cultural and creative sectors;
  • how this work can be funded in a way that is sustainable, gives greater security of funding, ensures independent editorial oversight and delivers value for money to the public;
  • making recommendations on RTE’s role, financing and structure within this framework;
  • How this is overseen and regulated, having regard to our EU obligations including the requirements of the revised Audio-visual Media Services Directive.

Note for Editors

In December 2019 the Government agreed the terms of reference for the Commission on the Future of Irish Public Service Broadcasting, to be established by the Department of the Taoiseach. The former President of Dublin City University, Professor Brian Mac Craith was appointed as Chair of the Commission.

The new Programme for Government, Our Shared Future, expanded the remit of the Public Service Broadcasting Commission to become the Future of Media Commission, tasked with considering the future of print, broadcast, and online media in a platform agnostic fashion. The Programme for Government calls for the Commission to publish a report within nine months with recommendations on the measures required to ensure a vibrant, independent public service media for the next generation, noting that the current funding model for public service broadcasting is inefficient. The Commission secretariat will be provided by the Department of the Taoiseach in liaison with the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht.