Polasaí Príobháideachais & Cosaint Sonraí
Tabhair faoi ndeara, le do thoil, go ndéantar athbhreithniú ar an bpolasaí príobháideachais seo go rialta, agus d’fhéadfaí go n-athrófar é amach anseo.
Tá an Coimisiún um Thodhchaí na Meán tiomanta do chosaint cearta agus príobháideachais na hindibhide de réir Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí an AE 2016/679, a tugadh éifeacht sa bhreis dó i gCuid 3 den Acht um Chosaint Sonraí 2018. Dá bhrí sin, pléifear le haon eolas pearsanta a chuireann tú ar fáil de do thoil féin leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, ag teacht go hiomlán leis na forálacha reachtaíochta seo.
Bailíonn an Coimisiún um Thodhchaí na Meán an t-eolas a chuireann tú ar fáil de do thoil féin amháin. Ina measc seo tá:
- an t-eolas pearsanta a sholáthraíonn tú mar chuid den phróiseas aighneachta
- eolas a sheolann tú de ríomhphost nó a roinneann tú linn ar an teileafón.
Úsáidfear an t-eolas go gcuireann tú ar fáil dúinn ar aon dul leis an gcuspóir a bhí agat agus tú á roinnt.
I dtaobh brabhsáil ghinearálta an ghréasáin, ní léirítear aon eolas pearsanta dúinne, cé go mbíonn eolas staitistice áirithe curtha ar fáil dúinn tríd ár soláthraí seirbhíse idirlín. Samplaí den eolas sin ná:
- seoladh loighciúil an fhreastalaí atá in úsáid agat
- an t-ainm fearainn buaicleibhéil óna bhfuil ceangal á dhéanamh agat leis an idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org &rl.)
- an cineál brabhsálaí atá in úsáid agat
- an dáta agus an tráth den lá go bhfaigheann tú rochtain ar ár láithreán
- an seoladh idirlín a úsáidtear chun nascadh lenár láithreán
Úsáidtear roinnt den eolas sin chun staitisticí achomair a chruinniú, trínar féidir linn líon na gcuairteoirí ar an láithreán a mheas, na leathanaigh is minice a osclaítear a shonrú agus, go ginearálta, an láithreán a dhéanamh níos cóiriúla do lucht a úsáide.
Baineann an Coimisiún um Thodhchaí na Meán úsáid as Anailísíocht Google, seirbhís anailíse gréasáin arna chur ar fáil ag Google, Inc. (“Google”). Úsáideann Anailísíocht Google “fianáin”, ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire, d'fhonn cuidiú leis an láithreán anailís a dhéanamh ar an gcaoi go n-úsáidtear an láithreán. Déanfaidh Google an t-eolas a chruthaíonn an fianán maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láithreán (do sheoladh IP san áireamh) a aistriú agus a stóráil ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Google leas as an eolas sin chun críche anailís a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, tuairiscí a chur ar fáil do lucht oibre an láithreáin maidir leis an mbeartaíocht ar an láithreán gréasáin, agus seirbhísí eile a chur ar fáil maidir le beartaíocht ar an láithreán gréasáin agus úsáid an idirlín. D'fhéadfadh freisin go n-aistreodh Google an t-eolas sin go dtí an tríú páirtí nuair a bhíonn ceanglas dlíthiúil go ndéantar sin, nó sa chás gurb é an tríú páirtí a dhéanann próiseáil ar an eolas thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá ar coimeád ag Google. Is féidir leat diúltú glacadh le húsáid fianáin trí na socruithe cuí a roghnú ar an mbrabhsálaí ach tabhair faoi ndeara, má dhéantar amhlaidh, nach móide deis agat ar acmhainn iomlán an láithreáin gréasáin seo a thapú. Trí leas a bhaint as an láithreán gréasáin seo, toilíonn tú le sonraí mar gheall ort a bheith próiseáilte ag Google ar an mbealach agus chun na críche a leagtar amach thuas. Tá breis sonraí maidir leis an úsáid a bhaineann Anailísíocht Google as fianáin ar fáil ag: http://www.google.com/analytics/learn/privacy.html
Má tá amhras ar bith ort maidir leis an gcaoi ina ndéanaimid próiseáil ar do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn ag eolas@futureofmediacommission.ie